Günter Grass

Rugadh é ar an 16 Deireadh Fómhair, 1927 in Danzig (ar a dtugtar Gdansk, An Pholainn)


1944 Luftwaffenhelfer (.i. an chéad duine le lámh chúnta a thabhairt le linn agus i ndiaidh na n-ionsaithe buamála, nóta an aistritheora) agus saighdiúir; i ngéibheann i gCampa Géibhinn le Meiriceá sa Bhaváir

1946 Scaoilte saor as an gCampa Géibhinn; oibrí feirme agus ag obair i mianach potaise in Hildesheim

1947 - 1948 Ag foghlaim ceird an tsaoir chloiche

1948 - 1952 I mbun staidéir ar ghrafaíocht agus ar dhealbhóireacht in Acadamh Düsseldorf

1953 - 1956 I mbun staidéir ar an dealbhóireacht faoin dealbhóir Karl Hartung in Ollscoil na nEalaíon, Beirlín

1956 - 1957 Dealbha agus grafaíocht leis ar taispeáint den chéad uair in Stuttgart agus i mBeirlín; tosaithe ag cumadh filíochta agus ag scríobh drámaí

1960 Gradam Litríochta Chumann Léirmheastóirí na Gearmáine

1962 Gradam Litríochta na Fraince, Le meilleur livre étranger (.i. an leabhar is fearr ó eachtrannach) as An Druma Stáin (Die Blechtrommel )

1965 Gradam Georg Büchner; dochtúireacht oinigh ó Choláiste Kenyon, SAM

1968 Gradam Fontane; Bonn Oinigh Charl von Ossietzky

1976 Dochtúireacht oinigh ó Ollscoil Harvard, SAM

1978 Premio Letterario Viareggio (.i. gradam litríochta chathair Viareggio), an Iodáil

1980 Gradam Litríocht an Fhíona

1983 - 1986 Uachtarán Acadamh na nEalaíon, Beirlín

1985 An teach in Wewelsfleth bronnta ar Stát Cónaidhme Bheirlín; úsáideann scríbhneoirí óga “Teach Alfred Döblin”

1990 Dochtúireacht oinigh ó Ollscoil Poznań

1993 Saoránach oinigh bronnta air ag Gdansk (Danzig roimhe seo)

1994 Gradam Thomas Mann don Litríocht (An Sárghradam Litríochta roimhe seo) ó Acadamh Mínealaíon na Baváire

1996 Gradam Sonning, An Danmhairg

1997 “Fondúireacht ar Leas na Romach” bunaithe aige

1999 Duais Litríochta Nobel Gradam Phrionsa Asturia

2005 An bhuíon scríbhneoirí "Lübeck 05" bunaithe aige

Dochtúireacht oinigh ó Shaor-Ollscoil Bheirlín

2007 Gradam Ernst Toller

  Cónaíonn Günter Grass in Lübeck