Coiscéim

Bhunaigh an tOllamh Pádraig Ó Snodaigh an comhlacht foilsitheoireachta leabhar Gaeilge, Coiscéim, 30 bliain ó shin in 1980. Tá breis is 1,000 leabhar i nGaeilge foilsithe ag Coiscéim go dtí seo. Ina measc tá leabhair filíochta, úrscéalta, leabhair staire, drámaí, aistriúcháin ón nGearmáinis, Fraincis, Sínis, Béarla, Iodáilis, Urdais, agus neart teangacha eile. Tá leabhair ar bhéaloideas, leabhair do pháistí, déagóirí, daoine níos sine agus scéalta grá foilsithe freisin. Tá Coiscéim lonnaithe i bpríomhchathair na hÉireann - Baile Átha Cliath. Tá breis eolais ar na leabhair ar fáil ar an suíomh idirlín.

"Coiscéim does an extraordinary service in publishing these trilingual collections of the work of European poets". (Books Ireland, April 2012)